Questions? +1 (202) 335-3939 Login
Trusted News Since 1995
A service for global professionals · Tuesday, March 19, 2024 · 697,000,985 Articles · 3+ Million Readers

Casann an tAire Creed lena chomhghleacaí sa bhFrainc agus leis an gCoimisinéir Hogan chun Idirbheartaíochtaí AE-Mercosur a phlé

Chas an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, lena chomhghleacaí sa bhFrainc, Didier Guillaume, agus le Coimisinéir Talmhaíochta an AE, Phil Hogan, sa Róimh inniu chun an scéal is déanaí i ndáil le hidirbheartaíochtaí trádála an AE-Mercosur a phlé.

Thug an tAire Creed an t-ábhar imní atá aige féin agus ag an Aire Guillaume maidir le staid reatha na n-idirbheartaíochtaí seo ar aird. Dúirt an tAire tar éis an chruinnithe: "Ba chruinniú thar a bheith úsáideach a bhí anseo le Ballstát atá ina comhghuaillí ag Éirinn le fada an lá ar go leor gnéithe den bheartas talmhaíochta, agus go háirithe ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag beart AE-Mercosur. D'aontaíomar go bhfuil údair mhaithe ann don imní sin maidir leis an deireadh a d'fhéadfadh a bheith ag beart den chineál sin sa ghearrthéarma, agus is iad na sainfheirmeoirí mairteola in Éirinn agus sa bhFrainc is mó a bheidh i gcontúirt ag na drochimpleachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann. Fanfaidh muid i dteagmháil ar an ábhar seo sa tréimhse romhainn."

Thug an tAire Creed na hiarrachtaí móra atá déanta - agus atá fós á ndéanamh - ag an tír seo, ag an bhFrainc agus ag Ballstáit eile chun leas earnáil talmhaíochta an AE a chosaint sna hidirbheartaíochtaí AE-Mercosur chun cuimhne. Tá na hidirbheartaíochtaí seo ar siúl le blianta fada, agus áiríodh comhthionscnaimh ar shaincheisteanna mar an Coimisiún ag dul i mbun Measúnacht Tionchair Carntha maidir leis an tionchar a bheidh ag lamháltais chuótaí ar fud réimse idirbheartaíochtaí trádála ar an earnáil, an cuóta i ndáil le rátaí taraife mairteola a fhágáil ar lár sna hidirbheartaíochtaí in 2016, agus na hiarrachtaí leanúnacha atá ar siúl chun tuilleadh lamháltas a sheachaint sa chéim is déanaí de na hidirbheartaíochtaí. Scríobh Cinn Stáit agus Rialtais as Éirinn, as an bhFrainc, as an bPolainn agus as an mBeilg chuig Uachtarán an Choimisiúin, Jean-Claude Juncker, le gairid ag moladh dó gan aon lamháltais eile talmhaíochta a thabhairt isteach, agus scríobh an tAire Creed agus an tAire Humphreys chuig an gCoimisinéir Hogan agus chuig an gCoimisinéir Malmström ina leith chomh maith.

Chas an tAire Creed leis an gCoimisinéir Hogan chun an t-imní mór atá air faoin scéala go bhfuil dlús anois faoi bheart Mercosur a chur in iúl.   Mhol sé go láidir nár chóir aon lamháltais eile a ghearradh ar mhairteoil, earnáil atá aitheanta mar earnáil atá leochaileachin in anailís a rinne an Coimisiúin féin.

Chas an tAire chomh maith, le linn cruinnithe déthaobhacha eile en marge de Chomhdháil Airí an AE-AU, leis na hAirí seo a leanas.

  • Dhírigh pléití Aire Talmhaíochta na Nua-Shéalainne Damien O’Connor – ar an gcomhoibriú atá idir an dá thír faoi láthair, agus ar an gcomhoibriú a bheidh ann amach anseo, maidir le cúrsaí athraithe aeráide agus talmhaíochta.
  • Dhírigh pléití Aire Talmhaíochta na hÉigipte an DR Ezz El-Din Abu Steit – ar onnmhairí agraibhia na hÉireann agus ar chomhoibriú teicniúil.

 

 Creed meets French Counterpart and Commissioner Hogan Creed meets French Counterpart and Commissioner Hogan Creed meets French Counterpart and Commissioner Hogan Creed meets French Counterpart and Commissioner Hogan

 

CRÍOCH

Date Released: 22 June 2019

Powered by EIN Presswire


EIN Presswire does not exercise editorial control over third-party content provided, uploaded, published, or distributed by users of EIN Presswire. We are a distributor, not a publisher, of 3rd party content. Such content may contain the views, opinions, statements, offers, and other material of the respective users, suppliers, participants, or authors.

Submit your press release